Partizip II
(an dara rangabháil)
Is éard atá i gceist le rangabháil (EN: participle; DE: Partizip) ná leagan den bhriathar.
Is ionann an Partizip II agus an aidiacht bhriathartha i nGaeilge agus baintear úsáid as an rangabháil seo chun an aimsir chaite a dhéanamh sa teanga labhartha.
Ich habe es gemacht.
Tá sé déanta agam.
Rinne mé é.
Conas an Partizip II a dhéanamh
Chun an Partizip II a dhéanamh sa Ghearmáinis, is minic a chuirtear an réimír ge- roimh an mbriathar leis na hiarmhíreanna -t agus -en. Braitheann an deireadh a mbaintear úsáid as ar an gcineál briathair atá i gceist againn.
le briathra rialta, baintear úsáid as an iarmhír -t
lernen => gelernt
arbeiten => gearbeitet
kaufen => gekauft
le briathra neamhrialta, baintear úsáid as an iarmhír -en